24. Seo iad clann Zibeon: Aiá agus Aná - an tAná úd a d'aimsigh na toibreacha teo san fhásach agus é ag aoireacht asail a athar Zibeon.
25. Seo iad clann Aná: Diseón agus Oholabámá iníon Aná.
26. Seo iad clann Dhiseón: Hemdeán, Eisbeán, Itreán agus Carán.
27. Seo iad clann Éisir: Bileán, agus Záván agus Acán.
28. Seo iad clann Dhiseán: Úz agus Arán.
29. Seo iad taoisigh na Hórach: an taoiseach Lótán, an taoiseach Seobál, an taoiseach Zibeon, an taoiseach Aná,
30. an taoiseach Diseón, an taoiseach Éisir, an taoiseach Diseán. Sin iad taoisigh na Hórach de réir a dtreibheanna i dtír Shaeír.
31. Seo iad na ríthe a bhí i réim i dtír Eadóm sula dtáinig aon rí Iosraelach i réim.
32. Bhí Beala mac Bheor ina rí ar Eadóm agus Dineábá a ba ainm dá chathair.
33. D'éag Beala agus tháinig Ióbáb mac Zearach ó Bhozrá i réim ina dhiaidh.
34. D'éag Ióbáb agus tháinig Húiseám ó thír na dTéamánach i réim ina dhiaidh.
35. D'éag Huiseám, agus Hadad mac Badad, an té a chloígh Midián i gcríoch Mhóáb, tháinig sé i réim ina dhiaidh, agus Aivit a ba ainm dá chathair.
36. D'éag Hadad agus tháinig Samlá, ó Mhasraecá, i réim ina dhiaidh.