Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 35:14-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Chuir Iacób gallán cuimhneacháin ina sheasamh san áit inar labhair sé leis, gallán cloiche. Thoirbhir sé deoch ofrála air agus dhoirt sé ola air.

15. Thug Iacób dá réir sin Béitéil ar an áit inar labhair Dia leis.

16. D'fhágadar Béitéil agus nuair a bhíodar tamall fós ó Eafrát, tháinig ionú Ráchael, agus bhí pianta diana linbh uirthi.

17. Agus sna híona crua di dúirt an bhean ghlún léi: “Ná bíodh eagla ort, mar tá mac eile anseo agat.”

18. Nuair a bhí sí ar an dé deiridh agus í ag fáil bháis, thug sí Mac Mo Dhóláis air, ach thug a athair Biniáimin air.

19. Fuair Ráchael bás mar sin agus adhlacadh í ar an mbealach go hEafrát, is é sin Beithil.

20. Agus thóg Iacób lia os a leacht, agus sin é lia leacht Ráchael atá ann fós inniu.

21. Ar aghaidh le hIosrael, agus chuir suas a bhoth lastall de Mhigdeal Éidir.

22. Agus le linn dó a bheith ina chónaí sa dúiche sin luigh Reúbaen le Bileá, leannán a athar, agus ní gan fhios do Iosrael é.

23. Dáréag mac a bhí ag Iacób. Seo iad clann Léá: Reúbaen, céadghin Iacóib, ansin Simeon agus Léiví, agus Iúdá, agus Íosácár, agus Zabúlun.

24. Clann Ráchael: Iósaef agus Biniáimin.

25. Clann Bhileá, ionailt Ráchael: Dán agus Naftáilí.

26. Clann Zilpeá, ionailt Léá: Gád agus Áiséar. Sin iad an chlann mhac a rugadh do Iacób i bPadan Arám.

27. Shroich Iacób teach a athar Íosác i Mamrae, Ciriat Arba is é sin nó Heabrón, mar ar lonnaigh Abrahám agus Íosác.

28. Bhí céad agus ceithre fichid bliain slán ag Íosác

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 35