Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 35:10-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Dúirt Dia leis: “Iacób is ainm duit; ní thabharfar Iacób mar ainm ort feasta, ach beidh Iosrael mar ainm ort.” Thugadar Iosrael mar ainm air dá réir sin.

11. Agus dúirt Dia leis: “Is mé Dia Uilechumhachtach; bíodh rath ort agus go dté tú i líonmhaire. Síolróidh cine, sea agus ciníocha, uait. Áireofar fiú ríthe ar do shliocht.

12. An talamh seo a thug mé d'Abrahám agus d'Íosác, tugaim duit é; agus tabharfaidh mé an talamh seo do do shliocht i do dhiaidh.”

13. Ansin d'imigh Dia uaidh suas.

14. Chuir Iacób gallán cuimhneacháin ina sheasamh san áit inar labhair sé leis, gallán cloiche. Thoirbhir sé deoch ofrála air agus dhoirt sé ola air.

15. Thug Iacób dá réir sin Béitéil ar an áit inar labhair Dia leis.

16. D'fhágadar Béitéil agus nuair a bhíodar tamall fós ó Eafrát, tháinig ionú Ráchael, agus bhí pianta diana linbh uirthi.

17. Agus sna híona crua di dúirt an bhean ghlún léi: “Ná bíodh eagla ort, mar tá mac eile anseo agat.”

18. Nuair a bhí sí ar an dé deiridh agus í ag fáil bháis, thug sí Mac Mo Dhóláis air, ach thug a athair Biniáimin air.

19. Fuair Ráchael bás mar sin agus adhlacadh í ar an mbealach go hEafrát, is é sin Beithil.

20. Agus thóg Iacób lia os a leacht, agus sin é lia leacht Ráchael atá ann fós inniu.

21. Ar aghaidh le hIosrael, agus chuir suas a bhoth lastall de Mhigdeal Éidir.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 35