1. Dúirt Dia le Iacób: “Éirigh agus imigh leat suas go Béitéil, agus cuir fút ann, agus déan altóir ann don Dia a thaispeáin é féin duit agus tú ag teitheadh ó do dheartháir Éasau.”
2. Dúirt Iacób lena theaghlach agus le cách a bhí ina theannta: “Cuirigí uaibh na déithe deoranta atá agaibh, agus déanaigí sibh féin a íonghlanadh agus cuirigí malairt éadaigh oraibh féin.
3. Éirimis ansin agus téimis suas go Béitéil chun go dtógfainn altóir ann do Dhia, an té a d'éist liom nuair a bhíos i gcruachás agus a bhí faram i ngach treo dár ghabh mé.”
4. Thugadar na déithe bréige go léir a bhí acu do Iacób, agus na fáinní óir a bhí ina gcluasa. Chuir Iacób i dtalamh iad faoin gcrann darach láimh le Seicim.
5. Chuireadar chun bóthair agus bhuail scéin ó Dhia na cathracha go léir máguaird i dtreo nach ndeachadar sa tóir ar chlann Iacóib.
6. Tháinig Iacób go Lúz - Béitéil is é sin - i dtír Chanán, é féin agus an mhuintir go léir a bhí fairis.
7. Thug sé altóir ansiúd agus thug sé Éil Béitéil ar an áit mar gur ansiúd a thaispeáin Dia é féin dó agus é ar teitheadh óna dheartháir.
8. Agus fuair Deaborá buime Ribeacá bás, agus adhlacadh í laistíos de Bhéitéil faoi chrann darach; thugadar Dair na nDeor dá bhrí sin ar an áit sin.
9. Thaispeáin Dia é féin arís eile do Iacób tar éis dó filleadh ó Phadan Arám agus bheannaigh sé é.
10. Dúirt Dia leis: “Iacób is ainm duit; ní thabharfar Iacób mar ainm ort feasta, ach beidh Iosrael mar ainm ort.” Thugadar Iosrael mar ainm air dá réir sin.
11. Agus dúirt Dia leis: “Is mé Dia Uilechumhachtach; bíodh rath ort agus go dté tú i líonmhaire. Síolróidh cine, sea agus ciníocha, uait. Áireofar fiú ríthe ar do shliocht.
12. An talamh seo a thug mé d'Abrahám agus d'Íosác, tugaim duit é; agus tabharfaidh mé an talamh seo do do shliocht i do dhiaidh.”