Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 33:14-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Imíodh mo mháistir ar aghaidh, lena thoil, roimh a shearbhónta, agus leanfaidh mé é go mall réidh, de réir mar a oireann don stoc atá á dtiomáint agam agus do na leanaí, go dtí go dtiocfaidh mé suas le mo mháistir i Saeír.”

15. Ansin dúirt Éasau: “Lig dom cuid den mhuintir atá i mo theannta a fhágáil farat.” D'fhreagair seisean: “Cén gá atá leis sin? Níl uaim ach do dhea-mhéin a thuilleamh, a mháistir.”

16. Lean Éasau ar aghaidh dá bhrí sin an lá sin ar an mbealach go dtí Saeír.

17. Agus shroich Iacób Sucót agus thóg teach dó féin agus rinne sé scáileáin dá airneis; uime sin a fuair an áit an t‑ainm Sucót (Scáileáin).

18. Tháinig Iacób slán folláin go cathair Sheicim i dtír Chanán ar theacht dó as Padan Arám, agus shuigh sé a champa os comhair na cathrach.

19. Agus an láthair ar ar chuir sé suas a bhoth cheannaigh sé í ar chéad bonn airgid ó chlann Hamór, athair Sheicim.

20. Thóg sé altóir ansiúd ar ar thug sé “Éil, Dia Iosrael”.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 33