Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 33:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. D'ardaigh Iacób a shúile agus d'fhéach uaidh agus seo Éasau chuige le ceithre chéad fear. Scaip sé na leanaí ar Léá, ar Ráchael agus ar an mbeirt ionailt.

2. Chuir sé an bheirt ionailt agus a leanaí ar tosach, agus Léá agus a leanaí ina ndiaidh, agus Ráchael agus Iósaef ar deireadh.

3. Ghabh sé féin rompu amach agus shléacht sé go talamh seacht n‑uaire sular tháinig sé i láthair a dhearthár.

4. Ach rith Éasau ina choinne, theann lena ucht é, chaith é féin ar a mhuineál, phóg é agus na deora leis.

5. Ar ardú a shúl do Éasau, chonaic sé na mná agus na miondaoine. “Cé hiad seo i do theannta?” ar sé. “An chlann a bhronn Dia ar do shearbhónta,” arsa Iacób.

6. Ansin tháinig na hionailtí agus a gclann i láthair agus shléachtadar.

7. Ansin tháinig Léá i láthair mar an gcéanna lena clann agus shléachtadar go léir. Ar deireadh tháinig Iósaef agus Ráchael i láthair agus shléachtadar.

8. Dúirt Éasau: “Cén chiall atá agat leis na sluaite go léir a casadh orm?” “Chun dea-mhéin a thuilleamh i láthair mo mháistir, iadsan,” a fhreagair Iacób.

9. “Ach, a bhráthair,” arsa Éasau, “tá mo dhóthain agamsa. Coinnigh duit féin a bhfuil agat.”

10. “Cuir uait,” arsa Iacób, “má tá fabhar faighte agam i do láthair, glac leis an mbronntanas seo ó mo láimh. Óir, de dhéantús na fírinne, tháinig mé i radharc do ghnúise amhail is dá mba i ngnúis Dé, ach ghlac tú chugat mé le dea-mhéin.

11. Glac leis an mbronntanas a thug mé chugat dá bhrí sin; bhí Dia fial liom agus tá mo dhóthain agam.” D'áitigh sé air sa tslí sin agus ghlac sé leis.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 33