Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 32:15-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. tríocha camall bleacht agus a mbromaigh, daichead bó agus deich dtarbh, fiche asal baineann agus deich stail.

16. Chuir sé a shearbhóntaí ina bhfeighil, gach tréad leis féin, agus dúirt sé lena shearbhóntaí: “Gabhaigí ar aghaidh romham agus fágaigí slí idir gach tréad agus an ceann ina dhiaidh.”

17. Thug sé ordú don chéad duine: “Nuair a bhuailfidh mo dheartháir Éasau leat agus go bhfiafróidh sé: ‘Cé leis tú? Cá bhfuil do thriall? Cé leis an táin seo romhat?’

18. is é freagra a thabharfaidh tú: ‘Le do shearbhónta Iacób. Is bronntanas iad seo a seoladh chun mo thiarna Éasau. Tá Iacób féin ag teacht inár ndiaidh.’ ”

19. Thug sé an t‑ordú céanna don dara duine agus don tríú agus do chách a bhí i ndiaidh na dtréad: “Sin é atá le rá agaibh nuair a chasfar Éasau oraibh,” ar sé.

20. “Agus abraigí: ‘Tá do shearbhónta Iacób féin ag teacht inár ndiaidh chomh maith.’ ” Óir a dúirt sé leis féin: “Déanfaidh mé muintearas leis trí bhronntanas a chur chuige roimh ré; nuair a bhuailfidh mé leis béal ar bhéal, b'fhéidir go nglacfaidh sé liom le fabhar.”

21. Ghabh an bronntanas ar aghaidh roimhe dá bhrí sin, agus d'fhan sé féin sa champa an oíche sin.

22. D'éirigh Iacób an oíche sin féin agus thug leis a bheirt bhan, a bheirt ionailt, a leanbh is deichniúr agus ghabh thar áth an Iaboc.

23. Rug sé orthu agus sheol sé thar abhainn anonn iad agus sheol sé a mhaoin go léir anonn chomh maith.

24. Agus fágadh Iacób ina aonar; agus bhí fear ag iomrascáil leis go breacadh an lae.

25. Nuair a chonaic an fear go raibh ag dul de é a chloí, bhuail sé buille ar Iacób i log a chromáin agus cuireadh cromán Iacób as alt san iomrascáil leis.

26. “Scaoil liom,” ar sé, “mar tá an lá ag breacadh.” “Ní scaoilfidh mé,” arsa Iacób á fhreagairt, “mura gcuirfidh tú do bheannacht orm.”

27. D'fhiafraigh sé ansin: “Cad is ainm duit?” “Iacób,” ar sé.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 32