Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 31:37-43 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

37. Níor fhág tú aon ní de m'aistrithe gan a chuardach; an bhfuair tú aon ní a bhaineann le do theach féin? Cuir anseo é más ea os comhair mo bhráithrese agus do bhráithrese i dtreo go dtabharfaidís breith eadrainn araon.

38. Tá fiche bliain caite agam farat; níor chaill do chaoirigh a n‑uain ná do ghabhair a meannáin i gcaitheamh an ama sin, ná níor ith mé aon cheann de reithí do thréada.

39. Aon chuid de do thréad a ndearna ainmhithe allta ablach díobh, níor thug mé ar ais chugat iad ach a bheith thíos leo mé féin. D'éiligh tú orm iad cibé acu sa lá nó san oíche a rinneadh an slad.

40. Shearg an brothall sa lá mé agus chiap an fuacht san oíche mé, agus d'fhág an codladh slán ag mo shúile.

41. Tá fiche bliain caite agam i do theach: rinne mé seirbhís duit ar feadh ceithre bliana déag ar son do bheirt iníon, agus sé bliana ar son do thréada, agus d'athraigh tú mo thuarastal deich n‑uaire.

42. Mura mbeadh Dia m'athar, agus Dia Abrahám, agus Gaol Íosác a bheith ar mo thaobh, bhíos curtha chun siúil beo bocht agat. D'fhéach Dia ar mo thuirse agus ar shaothar mo lámh agus thug sé breith ort aréir.”

43. Ansin d'fhreagair Lábán: “Na hiníonacha seo,” ar sé, le Iacób, “is iníonacha liomsa iad; agus an chlann, is clann liomsa iad; agus na tréada, is tréada liomsa iad; agus gach a bhfeiceann tú, is liomsa iad. Ach cad a d'fhéadfainn a dhéanamh inniu le m'iníonacha nó leis an gclann a d'iompar siad?

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 31