Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 31:15-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Nach meas coimhthíoch atá aige orainn á rá is gur dhíol sé sinn agus gur chaith sé an mhaoin go léir a fuair sé orainn?

16. An mhaoin go léir a thóg Dia ónár n‑athair, is linne í ar ndóigh agus lenár gclann. Déan dá réir sin gach ar ordaigh Dia duit.”

17. D'éirigh Iacób agus chuir sé a chlann agus a mhná ar muin camall

18. agus thiomáin sé a airnéis go léir roimhe amach, an mhaoin go léir agus an airnéis úd leis a ghnóthaigh sé i bPadan Arám, agus thug aghaidh ar thír Chanán agus ar a athair Íosác.

19. Agus Lábán imithe ag bearradh a chuid caorach, ghoid Ráchael íola tí a hathar.

20. Bhuail Iacób bob ar Lábán an tArámach mar nár thug sé aon leid dó go raibh sé ar tí teitheadh.

21. Theith sé lena a raibh aige agus d'imigh leis agus ghabh sé thar an Abhainn ag déanamh ar Shliabh Ghileád.

22. Trí lá ina dhiaidh sin insíodh do Lábán gur theith Iacób.

23. Chuir sé tionól ar a bhráithreacha dá bhrí sin, agus chuaigh sa tóir air ar feadh seacht lá, agus tháinig suas leis ar Shliabh Ghileád.

24. Ach tháinig an Tiarna i dtaibhreamh oíche chun Lábán an tArámach agus dúirt leis: “Ná habair aon ní ar aon chor ar aon chúinse le Iacób.”

25. Nuair a tháinig Lábán suas leis bhí a bhoth curtha suas ag Iacób sna sléibhte; agus chuir Lábán agus a bhráithre a mboth suas i Sliabh Ghileád.

26. “Céard é seo a rinne tú orm,” arsa Lábán le Iacób, “ag déanamh calaoise orm agus ag sciobadh m'iníonacha leat mar chimí claímh?

27. Cén fáth ar theith tú faoi choim agus calaois a dhéanamh orm agus gan é a rá liom i dtreo go seolfainn uaim thú faoi lúcháir agus faoi chantaireacht, le tiompáin agus le cruiteanna.

28. Níor lig tú dom fiú póg a thabhairt do mo mhic agus do m'iníonacha. Ba amaideach an beart uait é.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 31