Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 30:5-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Ghabh Bileá gin agus rug sí mac do Iacób.

6. Ansin dúirt Ráchael: “Thug Dia breith chóir orm; sea, d'éist sé le mo ghuí agus thug sé mac dom.” Thug sí Dán mar ainm air dá bhrí sin.

7. Ghabh ionailt Ráchael, Bileá, gin arís agus rug an dara mac do Iacób.

8. Ansin dúirt Ráchael: “Throid mé troid Dé le mo dheirfiúr agus rug mé bua.” Thug sí Naftáilí mar ainm air dá bhrí sin.

9. Nuair a chonaic Léá go raibh deireadh aici féin ag breith clainne, fuair sí Zilpeá a hionailt agus thug do Iacób í mar bhean.

10. Rug Zilpeá ionailt Léá mac do Iacób.

11. Ansin dúirt Léá: “Cad é mar chonách!” Uime sin thug sí Gád mar ainm air.

12. Rug Zilpeá ionailt Léá an dara mac do Iacób.

13. Ansin dúirt Léá: “Cad é mar aoibhneas dom! Déarfaidh na mná gurb aoibhinn dom.” Thug sí Áiséar air dá réir sin.

14. Ghabh Reúbaen amach le linn fómhar na cruithneachta agus fuair sé mandráic sa ghort agus thug chun a mháthar Léá iad. Dúirt Ráchael le Léá: “Tabhair dom cuid de mhandráic do mhic le do thoil.”

15. Ach d'fhreagair Léá: “Nach leor leat m'fhear a bhreith leat, a rá is gur mian leat mandráic mo mhic a bhreith leat mar an gcéanna.” “Más ea,” arsa Ráchael, “luífidh sé leat anocht ar son mhandráic do mhic.”

16. Nuair a d'fhill Iacób ón ngort an oíche sin, chuaigh Léá amach ina choinne á rá: “Caithfidh tú teacht isteach chugamsa mar thug mé mandráic do mhic mar íocaíocht ort.” Luigh sé léi dá bhrí sin an oíche sin.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 30