Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 30:32-40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

32. Rachaidh mé trí do thréad go léir inniu. Tóg as gach caora dhubh (nó ballach nó breac) ar na caoirigh agus gach gabhar ballach nó breac ar na gabhair; bíodh an méid sin agam mar thuarastal.

33. Freagróidh mo mhacántacht ar mo shon ina dhiaidh seo; nuair a thagann tú chun mo thuarastal a iniúchadh, gach gabhar nach bhfuil ballach ná breac agus gach caora nach bhfuil dubh a gheofar ar mo chuidse, tuigtear gur goideadh iad.”

34. “Tá go maith,” arsa Lábán. “Bíodh mar a deir tú.”

35. Ach an lá sin féin thug Lábán chun siúil na poic a bhí ballach nó breac, agus na minseacha a bhí ballach nó breac - gach ceann a raibh aon ruainne bán orthu - agus gach caora dhubh; chuir sé faoi chúram a chlann mhac iad,

36. agus chuir sé aistear trí lá idir é féin agus Iacób; bhí Iacób ag aoireacht na coda eile de thréad Lábán.

37. Ansin chruinnigh Iacób slata glasa de chrann poibleoige, almóinne, agus plána; scumhaigh sé stríocaí bána orthu agus nocht sé bán na slat.

38. Chuir sé na slata a scumhaigh sé os comhair na gcaorach sna gáitéirí nó sna humair uisce mar a dtagadh na caoirigh chun uisce a ól. Chúpláladh na tréada nuair a thagaidís chun uisce.

39. Chúpláladar dá bhrí sin os comhair na slat agus rugadar óga a bhí riabhach, ballach agus breac.

40. Maidir leis na caoirigh, chuir Iacób i leataobh iad agus thug sé aghaidh na dtréad ar a raibh ballach nó dubh de thréad Lábán; agus chuir sé a thréad féin ar leithrigh agus níor chuir sé le tréad Lábán iad.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 30