Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 30:29-43 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

29. D'fhreagair seisean é: “Tá a fhios agat féin cén sort seirbhíse a rinne mé duit, agus conas d'éirigh le do stoc faoi mo réirse.

30. Óir is éachtach mar a mhéadaigh ar an mbeagán a bhí agat nuair a tháinig mise, agus chuir an Tiarna a bheannacht ort cibé treo inar iompaigh mé, ach cathain a dhéanfaidh mé soláthar do mo theaghlach féin chomh maith?”

31. “Cad a thabharfaidh mé duit?” arsa [Lábán]. “Ní gá duit aon ní a thabhairt dom,” arsa Iacób; “má dhéanann tú mar a mholaim, cothóidh mé do thréad arís duit agus déanfaidh mé iad a aoireacht.

32. Rachaidh mé trí do thréad go léir inniu. Tóg as gach caora dhubh (nó ballach nó breac) ar na caoirigh agus gach gabhar ballach nó breac ar na gabhair; bíodh an méid sin agam mar thuarastal.

33. Freagróidh mo mhacántacht ar mo shon ina dhiaidh seo; nuair a thagann tú chun mo thuarastal a iniúchadh, gach gabhar nach bhfuil ballach ná breac agus gach caora nach bhfuil dubh a gheofar ar mo chuidse, tuigtear gur goideadh iad.”

34. “Tá go maith,” arsa Lábán. “Bíodh mar a deir tú.”

35. Ach an lá sin féin thug Lábán chun siúil na poic a bhí ballach nó breac, agus na minseacha a bhí ballach nó breac - gach ceann a raibh aon ruainne bán orthu - agus gach caora dhubh; chuir sé faoi chúram a chlann mhac iad,

36. agus chuir sé aistear trí lá idir é féin agus Iacób; bhí Iacób ag aoireacht na coda eile de thréad Lábán.

37. Ansin chruinnigh Iacób slata glasa de chrann poibleoige, almóinne, agus plána; scumhaigh sé stríocaí bána orthu agus nocht sé bán na slat.

38. Chuir sé na slata a scumhaigh sé os comhair na gcaorach sna gáitéirí nó sna humair uisce mar a dtagadh na caoirigh chun uisce a ól. Chúpláladh na tréada nuair a thagaidís chun uisce.

39. Chúpláladar dá bhrí sin os comhair na slat agus rugadar óga a bhí riabhach, ballach agus breac.

40. Maidir leis na caoirigh, chuir Iacób i leataobh iad agus thug sé aghaidh na dtréad ar a raibh ballach nó dubh de thréad Lábán; agus chuir sé a thréad féin ar leithrigh agus níor chuir sé le tréad Lábán iad.

41. Nuair a bhíodh balcairí an tréada ag cúpláil, chuireadh Iacób na slata sna humair mar a bhféadfaidís iad a fheiceáil i dtreo go ndeanfaidís cúpláil os comhair na slat.

42. Ach nuair is locarthaigh a bhíodh i gceist, ní chuireadh sé ann iad; ar an gcaoi sin fuair Lábán na locarthaigh agus fuair Iacób na balcairí.

43. D'éirigh Iacób saibhir thar na bearta agus bhí tréada líonmhara, agus daoir agus daoirseacha agus camaill agus asail ina sheilbh aige.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 30