Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 30:22-37 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Chuimhnigh an Tiarna ansin ar Ráchael mar an gcéanna; d'éist sé léi agus d'oscail sé a broinn.

23. Ghabh sí gin agus rug sí mac agus dúirt: “Rug Dia mo náire chun siúil.”

24. Thug sí Iósaef mar ainm air, á rá: “Go dtuga an Tiarna mac breise dom.”

25. Nuair a rug Ráchael Iósaef, dúirt Iacób le Lábán: “Scaoil chun siúil mé i dtreo go rachaidh mé chun mo bhaile féin agus mo thíre féin.

26. Tabhair dom mo mhná a ndearna mé seirbhís duit ar a son, agus mo chlann agus scaoil liom, mar is eol duit an obair a rinne mé duit.”

27. Ach dúirt Lábán leis: “Más ceadmhach dom é a rá! Fuair mé amach ó na tuartha gur bheannaigh an Tiarna mé ar do shon.

28. Abair cén tuarastal atá uait agus tabharfaidh mé duit é.”

29. D'fhreagair seisean é: “Tá a fhios agat féin cén sort seirbhíse a rinne mé duit, agus conas d'éirigh le do stoc faoi mo réirse.

30. Óir is éachtach mar a mhéadaigh ar an mbeagán a bhí agat nuair a tháinig mise, agus chuir an Tiarna a bheannacht ort cibé treo inar iompaigh mé, ach cathain a dhéanfaidh mé soláthar do mo theaghlach féin chomh maith?”

31. “Cad a thabharfaidh mé duit?” arsa [Lábán]. “Ní gá duit aon ní a thabhairt dom,” arsa Iacób; “má dhéanann tú mar a mholaim, cothóidh mé do thréad arís duit agus déanfaidh mé iad a aoireacht.

32. Rachaidh mé trí do thréad go léir inniu. Tóg as gach caora dhubh (nó ballach nó breac) ar na caoirigh agus gach gabhar ballach nó breac ar na gabhair; bíodh an méid sin agam mar thuarastal.

33. Freagróidh mo mhacántacht ar mo shon ina dhiaidh seo; nuair a thagann tú chun mo thuarastal a iniúchadh, gach gabhar nach bhfuil ballach ná breac agus gach caora nach bhfuil dubh a gheofar ar mo chuidse, tuigtear gur goideadh iad.”

34. “Tá go maith,” arsa Lábán. “Bíodh mar a deir tú.”

35. Ach an lá sin féin thug Lábán chun siúil na poic a bhí ballach nó breac, agus na minseacha a bhí ballach nó breac - gach ceann a raibh aon ruainne bán orthu - agus gach caora dhubh; chuir sé faoi chúram a chlann mhac iad,

36. agus chuir sé aistear trí lá idir é féin agus Iacób; bhí Iacób ag aoireacht na coda eile de thréad Lábán.

37. Ansin chruinnigh Iacób slata glasa de chrann poibleoige, almóinne, agus plána; scumhaigh sé stríocaí bána orthu agus nocht sé bán na slat.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 30