22. Chuimhnigh an Tiarna ansin ar Ráchael mar an gcéanna; d'éist sé léi agus d'oscail sé a broinn.
23. Ghabh sí gin agus rug sí mac agus dúirt: “Rug Dia mo náire chun siúil.”
24. Thug sí Iósaef mar ainm air, á rá: “Go dtuga an Tiarna mac breise dom.”
25. Nuair a rug Ráchael Iósaef, dúirt Iacób le Lábán: “Scaoil chun siúil mé i dtreo go rachaidh mé chun mo bhaile féin agus mo thíre féin.
26. Tabhair dom mo mhná a ndearna mé seirbhís duit ar a son, agus mo chlann agus scaoil liom, mar is eol duit an obair a rinne mé duit.”
27. Ach dúirt Lábán leis: “Más ceadmhach dom é a rá! Fuair mé amach ó na tuartha gur bheannaigh an Tiarna mé ar do shon.
28. Abair cén tuarastal atá uait agus tabharfaidh mé duit é.”
29. D'fhreagair seisean é: “Tá a fhios agat féin cén sort seirbhíse a rinne mé duit, agus conas d'éirigh le do stoc faoi mo réirse.
30. Óir is éachtach mar a mhéadaigh ar an mbeagán a bhí agat nuair a tháinig mise, agus chuir an Tiarna a bheannacht ort cibé treo inar iompaigh mé, ach cathain a dhéanfaidh mé soláthar do mo theaghlach féin chomh maith?”