Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 30:19-38 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Ghabh Léá gin arís agus rug sí an séú mac do Iacób.

20. Ansin dúirt Léá: “Bhronn Dia spré mhaith orm. Tabharfaidh m'fhear onóir dom anois mar gur rugas seisear mac dó.” Thug sí Zabúlun mar ainm air dá réir sin.

21. Rug sí iníon ina dhiaidh sin ar a dtug sí Díneá mar ainm.

22. Chuimhnigh an Tiarna ansin ar Ráchael mar an gcéanna; d'éist sé léi agus d'oscail sé a broinn.

23. Ghabh sí gin agus rug sí mac agus dúirt: “Rug Dia mo náire chun siúil.”

24. Thug sí Iósaef mar ainm air, á rá: “Go dtuga an Tiarna mac breise dom.”

25. Nuair a rug Ráchael Iósaef, dúirt Iacób le Lábán: “Scaoil chun siúil mé i dtreo go rachaidh mé chun mo bhaile féin agus mo thíre féin.

26. Tabhair dom mo mhná a ndearna mé seirbhís duit ar a son, agus mo chlann agus scaoil liom, mar is eol duit an obair a rinne mé duit.”

27. Ach dúirt Lábán leis: “Más ceadmhach dom é a rá! Fuair mé amach ó na tuartha gur bheannaigh an Tiarna mé ar do shon.

28. Abair cén tuarastal atá uait agus tabharfaidh mé duit é.”

29. D'fhreagair seisean é: “Tá a fhios agat féin cén sort seirbhíse a rinne mé duit, agus conas d'éirigh le do stoc faoi mo réirse.

30. Óir is éachtach mar a mhéadaigh ar an mbeagán a bhí agat nuair a tháinig mise, agus chuir an Tiarna a bheannacht ort cibé treo inar iompaigh mé, ach cathain a dhéanfaidh mé soláthar do mo theaghlach féin chomh maith?”

31. “Cad a thabharfaidh mé duit?” arsa [Lábán]. “Ní gá duit aon ní a thabhairt dom,” arsa Iacób; “má dhéanann tú mar a mholaim, cothóidh mé do thréad arís duit agus déanfaidh mé iad a aoireacht.

32. Rachaidh mé trí do thréad go léir inniu. Tóg as gach caora dhubh (nó ballach nó breac) ar na caoirigh agus gach gabhar ballach nó breac ar na gabhair; bíodh an méid sin agam mar thuarastal.

33. Freagróidh mo mhacántacht ar mo shon ina dhiaidh seo; nuair a thagann tú chun mo thuarastal a iniúchadh, gach gabhar nach bhfuil ballach ná breac agus gach caora nach bhfuil dubh a gheofar ar mo chuidse, tuigtear gur goideadh iad.”

34. “Tá go maith,” arsa Lábán. “Bíodh mar a deir tú.”

35. Ach an lá sin féin thug Lábán chun siúil na poic a bhí ballach nó breac, agus na minseacha a bhí ballach nó breac - gach ceann a raibh aon ruainne bán orthu - agus gach caora dhubh; chuir sé faoi chúram a chlann mhac iad,

36. agus chuir sé aistear trí lá idir é féin agus Iacób; bhí Iacób ag aoireacht na coda eile de thréad Lábán.

37. Ansin chruinnigh Iacób slata glasa de chrann poibleoige, almóinne, agus plána; scumhaigh sé stríocaí bána orthu agus nocht sé bán na slat.

38. Chuir sé na slata a scumhaigh sé os comhair na gcaorach sna gáitéirí nó sna humair uisce mar a dtagadh na caoirigh chun uisce a ól. Chúpláladh na tréada nuair a thagaidís chun uisce.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 30