Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 30:1-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a chonaic Ráchael nach raibh aon chlann bronnta aici féin ar Iacób, tháinig éad uirthi lena deirfiúr agus dúirt sí lena fear: “Tabhair clann dom nó gheobhaidh mé bás.”

2. Las Iacób le fearg in aghaidh Ráchael agus dúirt sé: “An bhfuilimse in áit Dé? Eisean a dhiúltaigh toradh ar do bhroinn.”

3. Agus dúirt sise: “Féach m'ionailt Bileá; luigh léise i dtreo go mbéarfaidh sí clann ar mo ghlúine; tríthise beidh clann agamsa mar an gcéanna.”

4. Thug sí a hionailt Bileá dó mar bhean dá bhrí sin, agus luigh Iacób léi.

5. Ghabh Bileá gin agus rug sí mac do Iacób.

6. Ansin dúirt Ráchael: “Thug Dia breith chóir orm; sea, d'éist sé le mo ghuí agus thug sé mac dom.” Thug sí Dán mar ainm air dá bhrí sin.

7. Ghabh ionailt Ráchael, Bileá, gin arís agus rug an dara mac do Iacób.

8. Ansin dúirt Ráchael: “Throid mé troid Dé le mo dheirfiúr agus rug mé bua.” Thug sí Naftáilí mar ainm air dá bhrí sin.

9. Nuair a chonaic Léá go raibh deireadh aici féin ag breith clainne, fuair sí Zilpeá a hionailt agus thug do Iacób í mar bhean.

10. Rug Zilpeá ionailt Léá mac do Iacób.

11. Ansin dúirt Léá: “Cad é mar chonách!” Uime sin thug sí Gád mar ainm air.

12. Rug Zilpeá ionailt Léá an dara mac do Iacób.

13. Ansin dúirt Léá: “Cad é mar aoibhneas dom! Déarfaidh na mná gurb aoibhinn dom.” Thug sí Áiséar air dá réir sin.

14. Ghabh Reúbaen amach le linn fómhar na cruithneachta agus fuair sé mandráic sa ghort agus thug chun a mháthar Léá iad. Dúirt Ráchael le Léá: “Tabhair dom cuid de mhandráic do mhic le do thoil.”

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 30