17. Dúirt sé leis an bhfear:“De bhrí gur thug tú cluas do ghuth do mhna,agus gur ith tú de thoradh an chrainnar aithin mé duit gan a ithe:Go raibh mallacht ar an talamh de do chionn.Faoi dhoilíos a shaothróidh tú do chuid de,gach lá de do shaol.
18. Sceacha agus feochadáin a thabharfaidh sé duit,agus íosfaidh tú luibheanna an bháin.
19. Le hallas do ghruais ea a íosfaidh tú do chuid aráingo bhfillfidh tú ar an talamhmar is as a tháinig tú.Óir is luaithreach thú,agus ar an luaithreach is ea a fhillfidh tú.”
20. Thug an fear Éabha ar a bhean mar gurb í máthair na mbeo go léir í.
21. Rinne an Tiarna Dia éadaí as seithí don fhear agus dá bhean agus chuir siad orthu féin iad.