Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 3:10-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. D'fhreagair sé: “Chuala mé do ghuth sa ghairdín agus bhí eagla orm mar go raibh mé nocht, agus chuaigh mé i bhfolach.”

11. “Cé dúirt leat,” ar seisean, “go raibh tú nocht? An ag ithe a bhí tú den chrann a d'aithin mé duit gan ithe de?”

12. “An bhean a thug tú dom mar chéile,” arsa an fear, “ise a thug toradh as an gcrann dom, agus d'ith mé é.”

13. Agus dúirt an Tiarna Dia leis an mbean: “Cad é seo atá déanta agat?” D'fhreagair an bhean: “Mheall an nathair mé agus d'ith mé.”

14. Dúirt an Tiarna Dia leis an nathair:“De bhrí go ndearna tú an rud seogo raibh mallacht ort thar an eallach go léir,thar na hainmhithe allta go léir;beidh tú ag sní ar do bholgagus ag ithe cré,gach lá de do shaol.

15. Cuirfidh mé naimhdeasidir tú agus an bhean,idir do shíolsa agus a síolsa.Brúfaidh sé do cheannagus brúfaidh tusa a sháil.”

16. Dúirt sé leis an mbean:“Méadóidh mé go mór ar do thinneas ag breith clainne.Béarfaidh tú clann agus tinneas ort.Beidh mian chun do chéile ortach beidh sé i gceannas ort.”

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 3