Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 3:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ba ghlice an nathair nimhe ná aon ainmhí allta dá ndearna an Tiarna Dia agus dúirt sí leis an mbean: “An ndúirt Dia libh gan ithe de thoradh aon chrainn sa ghairdín?”

2. Dúirt an bhean leis an nathair nimhe: “Ní miste dúinn toradh na gcrann sa ghairdín a ithe:

3. ach toradh an chrainn atá i lár an ghairdín, dúirt Dia faoi: ‘ná hithigí é agus na bainigí leis le heagla go bhfaigheadh sibh bás’.”

4. Agus dúirt an nathair nimhe leis an mbean: “Ní bhfaighidh sibh bás, ní bhfaighidh sin!

5. Óir is eol do Dhia an lá a íosfaidh sibh dá thoradh sin, go n‑osclófar bhur súile agus go mbeidh sibh cosúil le déithe agus fios na maitheasa agus an oilc agaibh.”

6. Chonaic an bhean gur mhaith le hithe toradh an chrainn, agus gur gheal leis an tsúil é agus gur dhíol dúile é ar son an fheasa a thug sé. Thóg sí, más ea, cuid dá thoradh agus d'ith é; thug sí cuid de chomh maith dá fear a bhí ina teannta, agus d'ith sé é.

7. Osclaíodh a súile araon agus chonaiceadar go rabhadar nocht agus d'fhíodar duilleoga fige lena chéile agus rinneadar brait íochtair dóibh féin.

8. Chualadar fuaim an Tiarna Dia agus é ag siúl sa ghairdín i bhfionnuaire an lae agus chuaigh an fear agus an bhean i bhfolach ón Tiarna Dia i measc na gcrann sa ghairdín.

9. Ach ghlaoigh an Tiarna Dia ar an bhfear: “Cá bhfuil tú?” ar sé leis.

10. D'fhreagair sé: “Chuala mé do ghuth sa ghairdín agus bhí eagla orm mar go raibh mé nocht, agus chuaigh mé i bhfolach.”

11. “Cé dúirt leat,” ar seisean, “go raibh tú nocht? An ag ithe a bhí tú den chrann a d'aithin mé duit gan ithe de?”

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 3