Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 29:7-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Dúirt sé leo: “Tá sé fós ina lá mór maith; níl sé in am na tréada a sheoladh isteach; tugaigí uisce do na caoirigh, agus seolaigí amach chun féaraigh arís iad.”

8. “Ní féidir dúinn é,” ar siad, “go dtí go gcruinnítear na tréada go léir agus go mbaintear an chloch de bhéal an tobair; ansin tabharfaimid deoch do na caoirigh.”

9. Le linn dó a bheith ag caint leo, seo chucu Ráchael le caoirigh a hathar, mar is í ba aoire orthu.

10. A luaithe a chonaic Iacób Ráchael iníon Lábán, deartháir a mháthar, agus caoirigh Lábán, deartháir a mháthar, chuaigh sé suas agus bhain an chloch de bhéal an tobair agus thug uisce do thréad Lábán deartháir a mháthar.

11. Ansin phóg Iacób Ráchael agus bhris a ghol air.

12. D'inis sé do Ráchael gurbh é bráthair a hathar é, agus mac Ribeacá. Rith sí léi á insint sin dá hathair.

13. Nuair a chuala Lábán an scéala faoi Iacób, mac a dheirféar, rith sé chuige, rug barróg air, phóg go dil díocra é agus thug leis abhaile é. D'inis Iacób dó gach ar tharla.

14. Dúirt Lábán leis: “Is tú mo chnámh agus m'fheoil féin, is tú sin!” Agus d'fhan sé mí in éineacht leis.

15. Ansin dúirt Lábán le Iacób: “An amhlaidh a chaithfidh tú fónamh domsa in aisce ós tú mo bhráthair? Inis dom cén tuarastal atá uait.”

16. Bhí beirt iníon ag Lábán; Léá a ba ainm don té ba shine agus Ráchael a ba ainm don té a ba óige.

17. Ní raibh aon phreab i súile Léá, ach bhí Ráchael sciamhach dealraitheach,

18. agus bhí Iacób tite i ngrá le Ráchael. D'fhreagair sé: “Oibreoidh mé duit ar feadh seacht mbliana ar son Ráchael an iníon is óige agat.”

19. “Is fearr dom í a thabhairt duitse ná do dhuine deoranta,” arsa Lábán. “Fan faram.”

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 29