Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 29:5-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Chuir sé ceist orthu ansin: “An bhfuil aithne agaibh ar Lábán, mac Náchór?” “Tá aithne againn air,” ar siad.

6. “An bhfuil an scéal go maith aige?” ar sé leo. “Tá,” ar siad, “agus sin í a iníon Ráchael ag teacht leis na caoirigh.”

7. Dúirt sé leo: “Tá sé fós ina lá mór maith; níl sé in am na tréada a sheoladh isteach; tugaigí uisce do na caoirigh, agus seolaigí amach chun féaraigh arís iad.”

8. “Ní féidir dúinn é,” ar siad, “go dtí go gcruinnítear na tréada go léir agus go mbaintear an chloch de bhéal an tobair; ansin tabharfaimid deoch do na caoirigh.”

9. Le linn dó a bheith ag caint leo, seo chucu Ráchael le caoirigh a hathar, mar is í ba aoire orthu.

10. A luaithe a chonaic Iacób Ráchael iníon Lábán, deartháir a mháthar, agus caoirigh Lábán, deartháir a mháthar, chuaigh sé suas agus bhain an chloch de bhéal an tobair agus thug uisce do thréad Lábán deartháir a mháthar.

11. Ansin phóg Iacób Ráchael agus bhris a ghol air.

12. D'inis sé do Ráchael gurbh é bráthair a hathar é, agus mac Ribeacá. Rith sí léi á insint sin dá hathair.

13. Nuair a chuala Lábán an scéala faoi Iacób, mac a dheirféar, rith sé chuige, rug barróg air, phóg go dil díocra é agus thug leis abhaile é. D'inis Iacób dó gach ar tharla.

14. Dúirt Lábán leis: “Is tú mo chnámh agus m'fheoil féin, is tú sin!” Agus d'fhan sé mí in éineacht leis.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 29