Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 29:33-35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

33. Agus ghabh sí gin arís agus rug sí mac á rá: “Chuala an Tiarna go raibh faillí á déanamh orm, agus thug sé an mac seo dom chomh maith”; agus thug sí Simeon air.

34. Ghabh sí gin arís agus rug sí mac, á rá: “Ós rud é gur rug mé triúr mac dó, aontófar m'fhear liom an uair seo”; thug sí Léiví dá réir sin mar ainm air.

35. Ghabh sí gin arís agus rug sí mac á rá: “An uair seo molfaidh mé an Tiarna.” Thug sí Iúdá dá réir sin mar ainm air. Ní raibh a thuilleadh clainne uirthi ansin.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 29