Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 29:14-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Dúirt Lábán leis: “Is tú mo chnámh agus m'fheoil féin, is tú sin!” Agus d'fhan sé mí in éineacht leis.

15. Ansin dúirt Lábán le Iacób: “An amhlaidh a chaithfidh tú fónamh domsa in aisce ós tú mo bhráthair? Inis dom cén tuarastal atá uait.”

16. Bhí beirt iníon ag Lábán; Léá a ba ainm don té ba shine agus Ráchael a ba ainm don té a ba óige.

17. Ní raibh aon phreab i súile Léá, ach bhí Ráchael sciamhach dealraitheach,

18. agus bhí Iacób tite i ngrá le Ráchael. D'fhreagair sé: “Oibreoidh mé duit ar feadh seacht mbliana ar son Ráchael an iníon is óige agat.”

19. “Is fearr dom í a thabhairt duitse ná do dhuine deoranta,” arsa Lábán. “Fan faram.”

20. Rinne Iacób seirbhís ar feadh seacht mbliana ar son Ráchael, ach ba gheall le cúpla lá an aimsir sin dar leis le barr a ghrá do Ráchael.

21. Ansin dúirt Iacób le Lábán: “Tabhair dom mo bhean, mar tá mo théarma caite anois agus ba mhaith liom luí léi.”

22. Chruinnigh Lábán muintir na háite go léir le chéile agus bhí fleá mhór acu.

23. Le titim na hoíche fuair sé a iníon Léá agus thug chun Iacóib í agus luigh seisean léi.

24. (Thug Lábán a dhaoirseach Zilpeá mar ionailt dá iníon Léá.)

25. Ar maidin, féach, is í Léá a bhí ann. Dúirt Iacób le Lábán: “Céard é seo atá déanta agat orm? Nach ar son Ráchael a rinne mé seirbhís duit? Cén fáth dá bhrí sin gur mheall tú mé?”

26. D'fhreagair Lábán: “An sóisear a thabhairt le pósadh, roimh an sinsear, sin beart nach gnáth a dhéanamh sa tír seo.

27. Críochnaigh seachtain seo na bainise, agus tabharfaidh mé duit an ceann eile chomh maith ar son seirbhís a dhéanamh dom ar feadh seacht mbliana eile.”

28. Rinne Iacób rud air agus chríochnaigh sé an tseachtain agus thug Lábán a iníon Ráchael dó mar bhean.

29. Thug Lábán a dhaoirseach Bileá mar ionailt dá iníon Ráchael.

30. Luigh Iacób le Ráchael chomh maith, agus ghráigh sé Ráchael níos mó na Léá. Chaith sé seacht mbliana eile ag déanamh seirbhíse do Lábán.

31. Chonaic an Tiarna go raibh faillí á déanamh ar Léá, agus d'oscail sé a broinn, ach d'fhan Ráchael aimrid.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 29