Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 29:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Chuaigh Iacób ar aghaidh agus tháinig sé go dtí tír mhuintir an Oirthir.

2. D'fhéach sé agus ba shiúd tobar sna bánta agus trí thréad caorach ina luí lena ais, mar ba as an tobar sin a thugtaí uisce do na caoirigh. Cloch mhór a ba ea í siúd a bhí ar bhéal an tobair.

3. Chruinnítí na tréada go léir ansiúd agus bhaintí an chloch de bhéal an tobair chun deoch a thabhairt do na caoirigh; ansin chuirtí an chloch ar ais ina háit ar bhéal an tobair.

4. Dúirt Iacób leis na haoirí: “A bhráithre, cad as daoibh?” “As Hárán dúinn,” ar siad.

5. Chuir sé ceist orthu ansin: “An bhfuil aithne agaibh ar Lábán, mac Náchór?” “Tá aithne againn air,” ar siad.

6. “An bhfuil an scéal go maith aige?” ar sé leo. “Tá,” ar siad, “agus sin í a iníon Ráchael ag teacht leis na caoirigh.”

7. Dúirt sé leo: “Tá sé fós ina lá mór maith; níl sé in am na tréada a sheoladh isteach; tugaigí uisce do na caoirigh, agus seolaigí amach chun féaraigh arís iad.”

8. “Ní féidir dúinn é,” ar siad, “go dtí go gcruinnítear na tréada go léir agus go mbaintear an chloch de bhéal an tobair; ansin tabharfaimid deoch do na caoirigh.”

9. Le linn dó a bheith ag caint leo, seo chucu Ráchael le caoirigh a hathar, mar is í ba aoire orthu.

10. A luaithe a chonaic Iacób Ráchael iníon Lábán, deartháir a mháthar, agus caoirigh Lábán, deartháir a mháthar, chuaigh sé suas agus bhain an chloch de bhéal an tobair agus thug uisce do thréad Lábán deartháir a mháthar.

11. Ansin phóg Iacób Ráchael agus bhris a ghol air.

12. D'inis sé do Ráchael gurbh é bráthair a hathar é, agus mac Ribeacá. Rith sí léi á insint sin dá hathair.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 29