Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 27:35-45 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

35. D'fhreagair sé: “Tháinig do dheartháir trí chealg agus sciob sé leis do bheannacht.”

36. Dúirt Éasau: “Nach maith mar atá sé tuillte aige Iacób a bheith mar ainm air. Seo an dara huair aige ag fáil buntáiste orm. Sciob sé leis mo cheart sinsearachta, agus seo anois é ag baint mo bheannachta díom.” Agus ar sé: “Ar choimeád tú aon bheannacht domsa?”

37. Thug Íosác freagra ar Éasau: “Féach! rinne mé tiarna de os do chionn; thug mé a bhráithre uile mar shearbhóntaí dó; thug mé arbhar agus fíon mar chothú dó; cad eile a fhágann sin le déanamh duitse, a mhic?”

38. Dúirt Éasau lena athair: “An amhlaidh nach bhfuil agat ach an t‑aon bheannacht amháin, a athair? Cuir beannacht ormsa, chomh maith, a athair liom.” [Níor labhair Íosác focal], ach scread Éasau in ard a chinn agus bhris a ghol air.

39. D'fhreagair a athair Íosác é ansin mar leanas:“Is fada ó mhéith na talúna bheidh d'áit lonnaithe,agus is fada ón drúcht ó neamh thuas.

40. Mairfidh tú de bhíthin do chlaímh,agus déanfaidh tú fónamh do do dheartháir.Ach nuair a bhainfidh tú saoirse amach,cuirfidh tú a chuingsean de do mhuineál.”

41. Thug Éasau fuath do Iacób de bharr na beannachta lenar bheannaigh a athair é, agus dúirt Éasau leis féin: “Is gearr uainn an lá ina mbeidh m'athair á chaoineadh againn, agus ansin maróidh mé mo dheartháir Iacób.”

42. Insíodh do Ribeacá an ní a dúirt Éasau an mac ba shine agus chuir sise fios ar Iacób an mac ab óige, agus dúirt leis: “Féach, tá do dheartháir Éasau ag iarraidh sásamh a bhaint asat agus tú a mharú.

43. Anois mar sin a mhic ó, éist le mo ghlór: Éirigh, teith go Lábán mo dheartháir i Hárán

44. agus fan tamall ina fhochair go dtráfaidh fearg do dhearthár,

45. agus go ndéana sé dearmad dá bhfuil déanta agat ina aghaidh; ansin cuirfidh mé fios ort agus tabharfaidh mé ar ais thú on áit sin. Cén fáth go gcaillfinn sibh araon san aon lá amháin?”

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 27