Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 27:17-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Ansin shín sí chun a mic Iacób an bia blasta agus an t‑arán a bhí ullamh aici.

18. Chuaigh sé i láthair a athar: “A athair,” ar sé. “Anseo dom,” ar seisean, “agus cé hé thú féin, a mhic?”

19. D'fhreagair Iacób: “Mise Éasau do chéadghin; rinne mé mar a dúirt tú. Éirigh aniar, agus ith den tseilg a thug mé chugat go gcuirfidh tú do bheannacht orm.”

20. Dúirt Íosác lena mhac: “Nach gasta a fuair tú í, a mhic!” D'fhreagair sé: “Ba é an Tiarna do Dhia a chas i mo threo í.”

21. Ansin dúirt Íosác le Iacób: “Tar i leith chugam, a mhic, go leagfaidh mé lámh ort agus go mbeidh a fhios agam an tú dáiríre mo mhac Éasau nó nach tú.”

22. Dhruid Iacób suas taobh le hÍosác a athair, agus leag seisean lámh air agus dúirt: “Guth Iacóib é an guth, ach lámha Éasau iad na lámha.”

23. Níor aithin sé é mar go raibh fionnadh ar a lámha mar lámha Éasau, agus chuir sé a bheannacht air.

24. “An tú dáiríre mo mhac Éasau?” ar sé, agus d'fhreagair sé: “Is mé sin.”

25. “Más ea,” arsa Íosác, “tabhair chugam le hithe an tseilg a fuair mo mhac, go gcuirfidh mé mo bheannacht ort.” Thug sé chuige í agus d'ith sé; agus thug sé fíon chuige agus d'ól sé.

26. Ansin dúirt a athair Íosác leis: “Tar i leith chugam a mhic, agus tabhair dom póg.”

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 27