14. D'imigh sé ag triall ar an dá mheannán dá bhrí sin agus thug chun a mháthar iad agus rinne sise an béile bia blasta a thaitin le hÍosác.
15. Ansin thóg Ribeacá an t‑éadach is fearr a bhí sa teach aici leis an mac ba shine Éasau agus chuir iad ar Iacób an mac ba óige;
16. agus chlúdaigh sí a ghéaga agus mín a mhuiníl le seithí na meannán.
17. Ansin shín sí chun a mic Iacób an bia blasta agus an t‑arán a bhí ullamh aici.
18. Chuaigh sé i láthair a athar: “A athair,” ar sé. “Anseo dom,” ar seisean, “agus cé hé thú féin, a mhic?”
19. D'fhreagair Iacób: “Mise Éasau do chéadghin; rinne mé mar a dúirt tú. Éirigh aniar, agus ith den tseilg a thug mé chugat go gcuirfidh tú do bheannacht orm.”
20. Dúirt Íosác lena mhac: “Nach gasta a fuair tú í, a mhic!” D'fhreagair sé: “Ba é an Tiarna do Dhia a chas i mo threo í.”
21. Ansin dúirt Íosác le Iacób: “Tar i leith chugam, a mhic, go leagfaidh mé lámh ort agus go mbeidh a fhios agam an tú dáiríre mo mhac Éasau nó nach tú.”
22. Dhruid Iacób suas taobh le hÍosác a athair, agus leag seisean lámh air agus dúirt: “Guth Iacóib é an guth, ach lámha Éasau iad na lámha.”
23. Níor aithin sé é mar go raibh fionnadh ar a lámha mar lámha Éasau, agus chuir sé a bheannacht air.
24. “An tú dáiríre mo mhac Éasau?” ar sé, agus d'fhreagair sé: “Is mé sin.”