11. Dúirt Iacób lena mháthair Ribeacá: “Féach, tá mo dheartháir Éasau lán d'fhionnadh, ach tá mo chneas-sa mín.
12. Má tharlaíonn go mbainfidh m'athair liom, sílfidh sé mé a bheith ag magadh faoi, agus is ní beannacht ach mallacht a thabharfaidh mé sa mhullach orm féin.”
13. “Bíodh an mhallacht sin ormsa, a mhic,” arsa a mháthair leis, “ach éist le mo ghlór, imigh leat agus tabhair chugam iad siúd.”
14. D'imigh sé ag triall ar an dá mheannán dá bhrí sin agus thug chun a mháthar iad agus rinne sise an béile bia blasta a thaitin le hÍosác.
15. Ansin thóg Ribeacá an t‑éadach is fearr a bhí sa teach aici leis an mac ba shine Éasau agus chuir iad ar Iacób an mac ba óige;
16. agus chlúdaigh sí a ghéaga agus mín a mhuiníl le seithí na meannán.
17. Ansin shín sí chun a mic Iacób an bia blasta agus an t‑arán a bhí ullamh aici.
18. Chuaigh sé i láthair a athar: “A athair,” ar sé. “Anseo dom,” ar seisean, “agus cé hé thú féin, a mhic?”