Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 27:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Chuaigh Íosác in aois agus sramdhalladh a shúile i dtreo nárbh fhéidir leis aon ní a fheiceáil. Ghlaoigh sé chuige ar Éasau an mac ba shine. “A mhic,” ar sé leis, agus d'fhreagair seisean: “Anseo dom.”

2. Dúirt sé ansin: “Féach go ndeachaigh mé in aois agus nach bhfuil fios lá mo bháis agam.

3. Gabh chugat do chuid airm dá bhrí sin, do bholgán agus do bhogha agus imigh amach faoi na bánta agus faigh seilg dom.

4. Déan béile bia blasta dom mar is maith liom agus tabhair chugam é go n‑íosfaidh mé agus mo bheannacht a chur ort roimh bhás dom.”

5. Chuala Ribeacá an chaint sin á rá ag Íosác lena mhac Éasau. Nuair a chuaigh Éasau amach faoi na bánta dá bhrí sin ar thóir seilge dá athair,

6. dúirt Ribeacá lena mac Iacób: “Chuala mé d'athair ag caint le do dheartháir Éasau anois beag agus á rá leis:

7. ‘Tabhair seilg chugam agus déan béile bia blasta dom. Ansin íosfaidh mé agus cuirfidh mé mo bheannacht ort i láthair an Tiarna roimh bhás dom.’

8. Éist liom dá bhrí sin a mhic, agus déan mar a deirim leat.

9. Téigh go dtí an tréad agus beir leat dhá mheannán mhaithe chugam i dtreo go ndéanfainn béile bia blasta díobh mar is maith le d'athair.

10. Agus tabharfaidh tú chun d'athar é i dtreo go n‑íosfaidh sé agus a bheannacht a chur ort roimh bhás dó.”

11. Dúirt Iacób lena mháthair Ribeacá: “Féach, tá mo dheartháir Éasau lán d'fhionnadh, ach tá mo chneas-sa mín.

12. Má tharlaíonn go mbainfidh m'athair liom, sílfidh sé mé a bheith ag magadh faoi, agus is ní beannacht ach mallacht a thabharfaidh mé sa mhullach orm féin.”

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 27