Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 23:7-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. D'éirigh Abrahám ina sheasamh ansin agus shléacht sé go talamh do mhuintir na tíre, do chlann Héat,

8. agus labhair sé leo: “Más toil libh,” ar sé leo, “go ndéanfainn mo mharbh a adhlacadh ó amharc mo shúl, éistigí liom agus déanaigí idirghuí ar mo shon le hEafrón mac Zochar,

9. d'fhonn go dtabharfadh sé dom an uaimh atá aige i Macpaelá: tá sé ar imeall a fhearainn. Tugadh sé dom í in bhur bhfianaise ar an iomlán is fiú í, chun í a bheith agam mar ionad adhlactha.”

10. Tharla Eafrón a bheith ina shuí i measc chlann Héat agus thug Eafrón an Hiteach freagra ar Abrahám i gcomhchlos chlann Héat agus na ndaoine go léir a ghabh geata a chathrach isteach.

11. “Cuir uait, a thiarna,” ar sé, “agus éist liom. Bronnaim an fearann ort agus an uaimh atá ann; tugaim in aisce duit é i bhfianaise chlann mo mhuintire. Déan do mharbh a adhlacadh.”

12. Ansin shléacht Abrahám i láthair mhuintir na tíre.

13. Dúirt sé le hEafrón i gcomhchlos mhuintir na tíre: “Más mar sin [is mian leat]. Ach éist liom. Tabharfaidh mé a luach duit ar an bhfearann seo; tóg uaim é agus cuirfidh mé mo mharbh ann.”

14. Thug Eafrón freagra ar Abrahám:

15. “A thiarna,” ar sé, “éist liom. Paiste talún is fiú ceithre chéad seicil airgid, cad é sin idir mise agus tusa? Déan do mharbh a adhlacadh.”

16. Rinne Abrahám an margadh ar bhreith béil Eafrón, agus thomhais Abrahám d'Eafrón an tsuim airgid a luaigh sé i gcomhchlos chlann Héat, ceithre chéad seicil airgid is é sin, de réir an tomhais a chleacht na ceannaithe.

17. An fearann úd Eafrón i Macpaelá, lastoir de Mhamrae, an fearann agus an uaimh ann, agus na crainn go léir san fhearann, an dúiche go léir ó cheann ceann, cuireadh i seilbh dhílis

18. Abrahám é, i bhfianaise chlann Héat agus os comhair na ndaoine go léir a ghabh trí gheata a chathrach isteach.

19. Ansin rinne Abrahám Sárá, a bhean, a adhlacadh san uaimh i bhfearann Macpaelá lastoir de Mhamrae (Heabrón is é sin) i dtír Chanán.

20. Chuir clann Héat an fearann agus an uaimh a bhí ann i seilbh dhílis Abrahám le bheith aige mar ionad adhlactha.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 23