Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 22:11-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Ach ghlaoigh aingeal an Tiarna air ó neamh agus dúirt: “A Abrahám, a Abrahám.” Dúirt sé: “Anseo dom.”

12. Dúirt sé: “Ná leag lámh ar do mhac, agus ná déan aon dochar dó; óir tá a fhios agam anois go bhfuil eagla Dé ort, mar níor dhiúltaigh tú do mhac, d'aonmhac, dom.”

13. Ansin d'ardaigh Abrahám a shúile agus féach, laistiar de bhí reithe agus a adharca in achrann i dtor; thóg Abrahám an reithe agus d'ofráil é mar íobairt dhóite in áit a mhic.

14. Thug Abrahám “Soláthar ón Tiarna” ar an láthair sin, agus uime sin an seanfhocal atá againn inniu féin: “Déanann an Tiarna soláthar ar an sliabh.”

15. Agus ghlaoigh aingeal an Tiarna ar Abrahám athuair ó neamh:

16. “Mhionnaigh mé dar mise féin - focail an Tiarna iad seo - ós rud é go ndearna tú an rud seo agus nár dhiúltaigh tú do mhac, d'aonmhac féin, dom,

17. dáilfidh mé na frasa beannachtaí uaim anuas ort. Cuirfidh mé an rath ar do shíol ionas go mbeidh siad líonmhar mar réaltaí neimhe nó mar ghaineamh na trá; agus beidh seilbh ag do shliocht ar gheataí [cathrach] do naimhde.

18. Beannóidh ciníocha uile an domhain iad féin dar do shliocht mar gur ghéill tú do mo ghlór.”

19. D'fhill Abrahám ansin ar a shearbhóntaí agus d'imíodar le chéile go Béar Seaba, agus chuir Abrahám faoi i mBéar Seaba.

20. Tamall ina dhiaidh sin fuair Abrahám scéala gur rug Milceá chomh maith clann dá dheartháir Náchór.

21. Úz a chéadghin, Búz a dheartháir, agus Camúél athair Arám, agus

22. Ceisid agus Chazó agus Pioldáis agus Idleáf agus Batúél -

23. ba é Batúél athair Ribeacá. Sin iad an t‑ochtar clainne a rug Milceá do Náchór, deartháir Abrahám.

24. Bhí leannán leapa aige leis darbh ainm Reúmá, agus rug sí clann: Teabach agus Gacham agus Tachais agus Mácá.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 22