Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 20:7-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Tabhair an bhean ar ais, más ea, dá fear céile anois, óir is fáidh é agus guífidh sé ar do shon agus mairfidh tú. Ach mura dtabharfaidh tú ar ais í, bíodh a fhios agat go bhfaighidh tú féin agus cách is leat bás na mbás.”

8. D'éirigh Aibímeilic go moch ar maidin agus ghlaoigh chuige ar a shearbhóntaí go léir agus d'inis na nithe sin go léir dóibh; bhuail eagla mhór na fir.

9. Agus ghlaoigh Aibímeilic chuige ar Abrahám chomh maith agus dúirt leis: “Cad a rinne tú orainn? Cén éagóir a rinneamar ort go dtarraingeofá a leithéid de pheaca mór orm féin agus ar mo ríocht? Rinne tú liom faoi mar nár chóir.”

10. Ansin d'fhiafraigh Aibímeilic d'Abrahám: “Cad a bhí á thaibhreamh duit go ndearna tú an rud seo?”

11. “Rinne mé é,” arsa Abrahám, “mar gur mheas mé nach mbeadh aon eagla Dé ar aon chor san áit seo agus go maródh na daoine mé de bharr mo mhná.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 20