Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 20:6-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Ansin dúirt Dia leis san fhís: “Is fíor duit. Tá a fhios agam gur le hionracas croí a rinne tú é seo; agus is mise a choinnigh tú ó pheaca a dhéanamh i m'aghaidh. Uime sin níor cheadaigh mé duit baint léi.

7. Tabhair an bhean ar ais, más ea, dá fear céile anois, óir is fáidh é agus guífidh sé ar do shon agus mairfidh tú. Ach mura dtabharfaidh tú ar ais í, bíodh a fhios agat go bhfaighidh tú féin agus cách is leat bás na mbás.”

8. D'éirigh Aibímeilic go moch ar maidin agus ghlaoigh chuige ar a shearbhóntaí go léir agus d'inis na nithe sin go léir dóibh; bhuail eagla mhór na fir.

9. Agus ghlaoigh Aibímeilic chuige ar Abrahám chomh maith agus dúirt leis: “Cad a rinne tú orainn? Cén éagóir a rinneamar ort go dtarraingeofá a leithéid de pheaca mór orm féin agus ar mo ríocht? Rinne tú liom faoi mar nár chóir.”

10. Ansin d'fhiafraigh Aibímeilic d'Abrahám: “Cad a bhí á thaibhreamh duit go ndearna tú an rud seo?”

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 20