Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 20:13-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Nuair a thug Dia orm imeacht liom ó theach m'athar dúirt mé léi: ‘Tá gar is féidir duit a dhéanamh dom: cibé áit ina mbeidh ár dtriall, abair i mo thaobhsa: Is é mo dheartháir é.’ ”

14. Ansin fuair Aibímeilic caoirigh agus eallach agus daoir fir agus mná agus bhronn iad ar Abrahám agus thug sé Sárá a bhean ar ais dó.

15. Dúirt Aibímeilic: “Sin iad mo chríocha os do chomhair; cuir fút mar ar mian leat.”

16. Agus dúirt sé le Sárá: “Féach, thug mé míle píosa airgid do do dheartháir. Is éiric duit é i súile a bhfuil in éineacht leat; [sin deireadh an ghnó].”

17. Ansin, ar achainí Abrahám leigheas Dia Aibímeilic agus a bhean agus a dhaoir mná i dtreo gur rugadh clann dóibh.

18. Óir is amhlaidh a dhún an Tiarna an uile bhroinn i dteach Aibímeilic de bharr Shárá bean Abrahám.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 20