Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 2:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Críochnaíodh neamh agus talamh agus a gcóiriú go léir ar an gcuma sin.

2. Ar an seachtú lá chríochnaigh Dia an obair a rinne sé. Scoir sé ar an seachtú lá den obair go léir a rinne sé.

3. Bheannaigh agus naomhaigh Dia an seachtú lá mar scoir sé an lá sin den obair go léir a rinne sé sa chruthú.

4. Sin iad céatúsa neimhe agus talún nuair a cruthaíodh iad.Nuair a rinne an Tiarna Dia neamh agus talamh,

5. ní raibh aon fhás fiáin fós ar talamh, ná aon lus fiáin fós ag péacadh, mar níor chuir an Tiarna Dia aon fhearthainn fós ar an talamh agus ní raibh duine ann a shaothródh an talamh.

6. Bhí, más ea, fíoruisce ag brúchtaíl aníos ón talamh agus ag uisciú dromchla na talún go léir.

7. Ansin chum an Tiarna Dia an duine de chré na talún agus shéid anáil na beatha ina pholláirí; ar an gcaoi sin rinne neach beo den duine.

8. Phlandaigh an Tiarna Dia parthas in Éidin san oirthear agus chuir sé ann an duine a chum sé.

9. Chuir an Tiarna Dia ag fás aníos as an talamh gach uile chineál crainn is geal leis an tsúil agus is maith le hithe, crann na beatha mar an gcéanna i lár an ghairdín agus crann fhios na maitheasa agus an oilc.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 2