Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 19:30-38 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

30. D'imigh Lót amach as Zoar agus chuir sé faoi sna cnoic fara a bheirt iníon mar bhí eagla air fanacht i Zoar. Mhair sé in uaimh é féin agus a bheirt iníon.

31. Agus dúirt an té ba shine leis an té a ba óige: “Tá ár n‑athair anonn san aois, agus níl fear sa dúiche chun céileachas a dhéanamh linn mar a dhéantar ar fud an domhain mhóir.

32. Téanam, cuirimis ar meisce le fíon é agus luímis leis agus beidh sliocht orainn ónár n‑athair.”

33. Chuireadar an t‑athair ar meisce le fíon an oíche sin, más ea, agus chuaigh an té ba shine isteach agus luigh sí lena hathair cé nár bhraith sé í ag teacht chun luí leis ná ag imeacht arís.

34. Lá arna mhárach dúirt an té ba shine leis an té a ba óige: “Féach, luigh mé aréir le d'athair; cuirimis ar meisce le fíon arís anocht é; ansin téighse isteach chuige agus luigh leis. Ar an tslí sin, beidh sliocht orainn ónár n‑athair.”

35. Chuireadar an t‑athair ar meisce le fíon arís an oíche sin, más ea, agus d'éirigh an té a ba óige agus isteach léi agus luigh leis cé nár bhraith sé í chuige ná uaidh.

36. Ghabh beirt iníon Lót clann óna n‑athair ar an gcuma sin.

37. Rug an té ba shine mac ar a dtug sí Móáb; agus eisean sinsear Móábach an lae inniu.

38. Agus rug an té ab óige mac ar dtug sí Bein Amaí; agus eisean sinsear Beiné Amón an lae inniu.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 19