Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 19:28-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

28. D'fhéach sé uaidh síos i dtreo Shodom agus Gomorá agus an ghleanna mar a rith sé, agus chonaic sé an deatach ag éirí on talamh, mar dheatach ó fhoirnéis.

29. Sin mar a bhí nuair a scrios Dia cathracha an ghleanna agus gur chuimhnigh sé ar Abrahám agus gur shaor sé Lót ón díothú nuair a dhíothaigh sé na cathracha mar ar chónaigh Lót.

30. D'imigh Lót amach as Zoar agus chuir sé faoi sna cnoic fara a bheirt iníon mar bhí eagla air fanacht i Zoar. Mhair sé in uaimh é féin agus a bheirt iníon.

31. Agus dúirt an té ba shine leis an té a ba óige: “Tá ár n‑athair anonn san aois, agus níl fear sa dúiche chun céileachas a dhéanamh linn mar a dhéantar ar fud an domhain mhóir.

32. Téanam, cuirimis ar meisce le fíon é agus luímis leis agus beidh sliocht orainn ónár n‑athair.”

33. Chuireadar an t‑athair ar meisce le fíon an oíche sin, más ea, agus chuaigh an té ba shine isteach agus luigh sí lena hathair cé nár bhraith sé í ag teacht chun luí leis ná ag imeacht arís.

34. Lá arna mhárach dúirt an té ba shine leis an té a ba óige: “Féach, luigh mé aréir le d'athair; cuirimis ar meisce le fíon arís anocht é; ansin téighse isteach chuige agus luigh leis. Ar an tslí sin, beidh sliocht orainn ónár n‑athair.”

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 19