Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 19:15-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Le breacadh an lae bhí na haingil ag brostú Lót agus á rá: “Éirigh, beir leat do bhean agus do bheirt iníon anseo, nó bascfar thú nuair a imreofar pionós ar an gcathair seo.”

16. Ach bhí sé ag déanamh moille agus rug na fir ar láimh air féin agus ar a bhean agus ar a bheirt iníon mar go raibh trua ag an Tiarna dó. Sheoladar amach é agus d'fhágadar lasmuigh den chathair é.

17. Á dtreorú amach dóibh dúirt sé: “Rith le d'anam! Ná féach i do dhiaidh agus ná stad in aon áit sa mhachaire. Teith chun na gcnoc le heagla do bhasctha.”

18. “Uch, ná habraigí é sin, a fhlatha,” arsa Lót leo.

19. “Féach, fuair do shearbhónta fabhar i do láthair agus thaispeáin tú trócaire mhór dom nuair a shaor tú on mbás mé. Ach ní fhéadfainn teitheadh chun na gcnoc le heagla go mbéarfadh an anachain orm agus go gcaillfí mé.

20. Féach anois an chathair sin thall, tá sí cóngarach go leor chun teitheadh chúici agus níl aon toirt inti. Lig dom teitheadh ansiúd - nach beag í? - agus tiocfaidh mé slán le m'anam.”

21. Dúirt sé leis: “Féach, deonaím an fabhar seo duit chomh maith, nach scriosfaidh mé an chathair a luaigh tú.

22. Brostaigh ort! Teith inti isteach mar nach dtig liom aon ní a dhéanamh go mbainfir amach an chathair sin.” Uime sin a tugadh Zoar (Beag) mar ainm ar an gcathair.

23. Bhí an ghrian éirithe de dhroim talún nuair a ghabh Lót isteach i Zoar.

24. Ansin d'fhear an Tiarna ruibh agus tine anuas ar Shodom agus ar Ghomorá ón Tiarna.

25. Dhíothaigh sé na cathracha sin, agus an gleann go léir, agus lucht na gcathracha go léir, agus a raibh ag fás ar an talamh.

26. Ach, d'fhéach bean Lót siar agus rinneadh gallán salainn di.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 19