Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 19:13-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Óir táimid ar tí an áit seo a scrios mar is éachtach é an liú atá éirithe in aghaidh a mhuintire agus shroich sé i láthair an Tiarna, agus chuir an Tiarna sinn chun é a scrios.”

14. Amach le Lót dá bhrí sin agus dúirt lena chleamhnaithe a bhí chun a iníonacha a phósadh: “Téanam,” ar sé, “fágaimis an áit seo mar tá an Tiarna ar tí an chathair seo a scrios.” Ach mheas a chleamhnaithe gur ag magadh a bhí sé.

15. Le breacadh an lae bhí na haingil ag brostú Lót agus á rá: “Éirigh, beir leat do bhean agus do bheirt iníon anseo, nó bascfar thú nuair a imreofar pionós ar an gcathair seo.”

16. Ach bhí sé ag déanamh moille agus rug na fir ar láimh air féin agus ar a bhean agus ar a bheirt iníon mar go raibh trua ag an Tiarna dó. Sheoladar amach é agus d'fhágadar lasmuigh den chathair é.

17. Á dtreorú amach dóibh dúirt sé: “Rith le d'anam! Ná féach i do dhiaidh agus ná stad in aon áit sa mhachaire. Teith chun na gcnoc le heagla do bhasctha.”

18. “Uch, ná habraigí é sin, a fhlatha,” arsa Lót leo.

19. “Féach, fuair do shearbhónta fabhar i do láthair agus thaispeáin tú trócaire mhór dom nuair a shaor tú on mbás mé. Ach ní fhéadfainn teitheadh chun na gcnoc le heagla go mbéarfadh an anachain orm agus go gcaillfí mé.

20. Féach anois an chathair sin thall, tá sí cóngarach go leor chun teitheadh chúici agus níl aon toirt inti. Lig dom teitheadh ansiúd - nach beag í? - agus tiocfaidh mé slán le m'anam.”

21. Dúirt sé leis: “Féach, deonaím an fabhar seo duit chomh maith, nach scriosfaidh mé an chathair a luaigh tú.

22. Brostaigh ort! Teith inti isteach mar nach dtig liom aon ní a dhéanamh go mbainfir amach an chathair sin.” Uime sin a tugadh Zoar (Beag) mar ainm ar an gcathair.

23. Bhí an ghrian éirithe de dhroim talún nuair a ghabh Lót isteach i Zoar.

24. Ansin d'fhear an Tiarna ruibh agus tine anuas ar Shodom agus ar Ghomorá ón Tiarna.

25. Dhíothaigh sé na cathracha sin, agus an gleann go léir, agus lucht na gcathracha go léir, agus a raibh ag fás ar an talamh.

26. Ach, d'fhéach bean Lót siar agus rinneadh gallán salainn di.

27. Agus chuaigh Abrahám go moch ar maidin chun na háite inar sheas sé i láthair an Tiarna.

28. D'fhéach sé uaidh síos i dtreo Shodom agus Gomorá agus an ghleanna mar a rith sé, agus chonaic sé an deatach ag éirí on talamh, mar dheatach ó fhoirnéis.

29. Sin mar a bhí nuair a scrios Dia cathracha an ghleanna agus gur chuimhnigh sé ar Abrahám agus gur shaor sé Lót ón díothú nuair a dhíothaigh sé na cathracha mar ar chónaigh Lót.

30. D'imigh Lót amach as Zoar agus chuir sé faoi sna cnoic fara a bheirt iníon mar bhí eagla air fanacht i Zoar. Mhair sé in uaimh é féin agus a bheirt iníon.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 19