Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 19:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Shroich an dá aingeal Sodom an tráthnóna sin, agus bhí Lót ina shuí ag geata Shodom. Nuair a chonaic Lót iad, d'éirigh sé chun bualadh leo agus shléacht go talamh rompu.

2. “A mhaithe,” ar sé, “iarraim oraibh teacht i leataobh go teach bhur searbhónta, agus an oíche a chaitheamh ann, agus bhur gcosa a ionladh. Ar maidin ansin ní miste daoibh éirí go moch agus cur chun bóthair arís.” “Ní dhéanfaimid,” ar siadsan, “ach an oíche a chaitheamh ar an tsráid.”

3. Ach d'áitigh sé go dian orthu agus chasadar abhaile leis agus chuadar isteach ina theach. Chóirigh sé béile dóibh, bhácáil arán slim dóibh agus d'itheadar bia.

4. Ach sula ndeachadar a luí, tháinig timpeall an tí fir na cathrach go léir idir óg agus aosta i Sodom, an pobal go léir gan easnamh fir.

5. Agus ghlaodar ar Lót á rá: “Cá bhfuil na fir a tháinig chugat anocht? Seol amach chugainn iad chun go mbainfimis sásamh astu.”

6. Chuaigh Lót amach sa doras chucu, agus dhún an doras ina dhiaidh,

7. agus dúirt: “A bhráithre, impím oraibh gan aon ní chomh holc sin a dhéanamh.

8. Féach, tá beirt iníon agam nár luigh le fear. Ligigí dom iad a thabhairt chugaibh amach agus déanaigí leo mar is mian libh. Ach maidir leis na fir seo, ná déanaigí aon ní leo, óir tháinig siadsan faoi dhíon mo thíse.”

9. “Druid siar!” ar siadsan leis agus leanadar orthu á rá: “Níl anseo ach duine iasachta thar tír isteach, agus b'áil leis a bheith ina bhreitheamh! Is measa an íde a thabharfaimid ortsa anois na orthusan!” Agus ansin bhrúdar go dian ar Lót agus dhruid siad i gcóngar an dorais chun é a bhriseadh.

10. Ach shín an bheirt a lámha amach agus tharraing siad Lót chucu isteach, agus dhún an doras.

11. Agus an mhuintir a bhí ag an doras, bhaineadar radharc na súl díobh go léir idir óg agus aosta i dtreo gur theip orthu an doras a aimsiú.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 19