Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 18:5-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Tabharfaidh mé greim aráin chugaibh agus bíodh lón agaibh don bhóthar ar aghaidh. Chuige sin a casadh i dtreo bhur searbhónta sibh.” “Déan mar a deir tú,” ar siad.

6. Bhrostaigh Abrahám don bhoth go Sárá. “Faigh,” ar sé, “agus fuin trí mhiosúr de phlúr agus déan builíní.”

7. Agus rith Abrahám chun an tréada agus rug sé leis lao breá méith agus thug don searbhónta é agus d'ullmhaigh seisean é faoi dheifir.

8. Thug sé leis ansin gruth agus bainne agus an lao a bhí réidh aige agus leag sé an chóir sin go léir rompu agus fad a bhíodar ag ithe sheas sé láimh leo faoin gcrann.

9. Agus chuireadar ceist air: “Cá bhfuil do bhean Sárá?” “Tá sí sa bhoth,” ar sé.

10. “Fillfidh mé ort,” arsa an t‑aoi, “sea, fillfidh mé um an dtaca seo an bhliain seo chugainn, agus beidh mac ag Sárá do bhean.” Bhí Sárá ag cúléisteacht ag doras na botha taobh thiar de.

11. Anois bhí Abrahám agus Sárá aosta agus iad anonn go maith sna blianta, agus bhí scortha dá cúrsaí ag Sárá.

12. Ansin gháir Sárá léi féin á rá: “An amhlaidh a bheidh sólás agam le m'fhear céile anois agus mé thar aois leanbh a iompar, agus eisean aosta chomh maith?”

13. Ach d'fhiafraigh an Tiarna d'Abrahám: “Cén fáth ar gháir Sárá á rá: ‘An amhlaidh dáiríre a bheidh leanbh agam anois i mo sheanaois?’

14. An bhfuil aon ní ró-aisteach don Tiarna? Fillfidh mé, oraibh, sea, fillfidh mé um an dtaca seo an bhliain seo chugainn agus beidh mac ag Sárá.”

15. “Níor gháir mé,” arsa Sárá ag séanadh a birt mar go raibh eagla uirthi. “Ní fíor duit,” ar sé, “mar gháir tú.”

16. Chuir na fir chun bóthair agus tháinig i radharc Shodom agus Abrahám in éineacht leo ag taispeáint na slí dóibh.

17. Dúirt an Tiarna leis féin: “An gceilfidh mé ar Abrahám an ní atáim ar tí a dhéanamh,

18. ós rud é go mbeidh Abrahám ina chine mór cumasach agus ciníocha an domhain á mbeannú féin tríd?

19. [Ní dhéanfaidh mé] óir thogh mé é d'fhonn go dtabharfadh sé aithne dá chlann agus dá theaghlach ina dhiaidh slí an Tiarna a choimeád ag déanamh an chirt agus na córa, i dtreo go dtabharfadh an Tiarna d'Abrahám a bhfuil geallta aige dó.”

20. Ansin dúirt an Tiarna: “Nach ard é an liú atá in aghaidh Shodom agus Ghomorá agus nach mór é a bpeaca agus nach trom!

21. Rachaidh mé síos féachaint an ndearnadar de réir an liú a tháinig chugam ina n‑aghaidh; agus mura ndearnadar, beidh a fhios agam.”

22. D'imigh na fir leo i dtreo Shodom, ach d'fhan Abrahám ina sheasamh i láthair an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 18