Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 18:23-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Dhruid sé níos giorra dó agus dúirt: “An scriosfaidh tú dáiríre an fíréan mar aon leis an gciontach?

24. Abair go bhfuil leathchéad fíréan sa chathair, an scriosfaidh tú í mar sin agus gan í a chaomhnú ar son an leathchéad fíréan atá inti?

25. Go mba fhada uait a leithéid a dhéanamh, an fíréan a chur chun báis mar aon leis an gciontach; d'fhágfadh sin an íde chéanna á tabhairt ar an bhfíréan agus ar an gciontach! I bhfad uait a leithéid! An amhlaidh nach ndéanfaidh breitheamh an domhain uile an ceart?”

26. D'fhreagair an Tiarna: “Má fhaighim leathchéad fíréan i Sodom; sa chathair, ansin déanfaidh mé an áit go léir a chaomhnú ar a son.”

27. “Seo mé,” arsa Abrahám á fhreagairt, “agus é de dhánaíocht ionam labhairt mar seo le mo Thiarna, agus gan ionam ach cré agus luaithreach.

28. Abair go bhfuil cúigear in easnamh ar an leathchéad, an scriosfaidh tú an chathair go léir de dheasca cúigir?” “Ní dhéanfaidh mé,” ar sé, “ní scriosfaidh mé má fhaighim cúigear is daichead inti.”

29. Agus labhair sé leis arís: “Abair,” ar sé, “gur daichead a gheofar inti.” “Ní dhéanfaidh mé,” ar seisean, “ar son daichead.”

30. “Ná bíodh an Tiarna i bhfearg liom,” ar sé ansin, “agus labhróidh mé arís. Abair gur tríocha a gheofar inti.” D'fhreagair seisean: “Ní dhéanfaidh mé, má fhaighim tríocha ann.”

31. “Tá sé de dhánaíocht ionam,” arsa Abrahám ansin, “labhairt leis an Tiarna. Abair gur fiche a gheofar inti.” “Ní scriosfaidh mé í, ar son fichead.”

32. Ansin dúirt sé: “Ná bíodh an Tiarna i bhfearg liom agus labhróidh mé aon uair amháin eile. Abair gur deichniúr a gheofar ann.” D'fhreagair sé: “Ní scriosfaidh mé í, ar son deichniúir.”

33. Nuair a bhí deireadh ráite aige le hAbrahám, d'imigh an Tiarna leis, agus d'fhill Abrahám abhaile.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 18