Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 18:17-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Dúirt an Tiarna leis féin: “An gceilfidh mé ar Abrahám an ní atáim ar tí a dhéanamh,

18. ós rud é go mbeidh Abrahám ina chine mór cumasach agus ciníocha an domhain á mbeannú féin tríd?

19. [Ní dhéanfaidh mé] óir thogh mé é d'fhonn go dtabharfadh sé aithne dá chlann agus dá theaghlach ina dhiaidh slí an Tiarna a choimeád ag déanamh an chirt agus na córa, i dtreo go dtabharfadh an Tiarna d'Abrahám a bhfuil geallta aige dó.”

20. Ansin dúirt an Tiarna: “Nach ard é an liú atá in aghaidh Shodom agus Ghomorá agus nach mór é a bpeaca agus nach trom!

21. Rachaidh mé síos féachaint an ndearnadar de réir an liú a tháinig chugam ina n‑aghaidh; agus mura ndearnadar, beidh a fhios agam.”

22. D'imigh na fir leo i dtreo Shodom, ach d'fhan Abrahám ina sheasamh i láthair an Tiarna.

23. Dhruid sé níos giorra dó agus dúirt: “An scriosfaidh tú dáiríre an fíréan mar aon leis an gciontach?

24. Abair go bhfuil leathchéad fíréan sa chathair, an scriosfaidh tú í mar sin agus gan í a chaomhnú ar son an leathchéad fíréan atá inti?

25. Go mba fhada uait a leithéid a dhéanamh, an fíréan a chur chun báis mar aon leis an gciontach; d'fhágfadh sin an íde chéanna á tabhairt ar an bhfíréan agus ar an gciontach! I bhfad uait a leithéid! An amhlaidh nach ndéanfaidh breitheamh an domhain uile an ceart?”

26. D'fhreagair an Tiarna: “Má fhaighim leathchéad fíréan i Sodom; sa chathair, ansin déanfaidh mé an áit go léir a chaomhnú ar a son.”

27. “Seo mé,” arsa Abrahám á fhreagairt, “agus é de dhánaíocht ionam labhairt mar seo le mo Thiarna, agus gan ionam ach cré agus luaithreach.

28. Abair go bhfuil cúigear in easnamh ar an leathchéad, an scriosfaidh tú an chathair go léir de dheasca cúigir?” “Ní dhéanfaidh mé,” ar sé, “ní scriosfaidh mé má fhaighim cúigear is daichead inti.”

29. Agus labhair sé leis arís: “Abair,” ar sé, “gur daichead a gheofar inti.” “Ní dhéanfaidh mé,” ar seisean, “ar son daichead.”

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 18