Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 18:15-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. “Níor gháir mé,” arsa Sárá ag séanadh a birt mar go raibh eagla uirthi. “Ní fíor duit,” ar sé, “mar gháir tú.”

16. Chuir na fir chun bóthair agus tháinig i radharc Shodom agus Abrahám in éineacht leo ag taispeáint na slí dóibh.

17. Dúirt an Tiarna leis féin: “An gceilfidh mé ar Abrahám an ní atáim ar tí a dhéanamh,

18. ós rud é go mbeidh Abrahám ina chine mór cumasach agus ciníocha an domhain á mbeannú féin tríd?

19. [Ní dhéanfaidh mé] óir thogh mé é d'fhonn go dtabharfadh sé aithne dá chlann agus dá theaghlach ina dhiaidh slí an Tiarna a choimeád ag déanamh an chirt agus na córa, i dtreo go dtabharfadh an Tiarna d'Abrahám a bhfuil geallta aige dó.”

20. Ansin dúirt an Tiarna: “Nach ard é an liú atá in aghaidh Shodom agus Ghomorá agus nach mór é a bpeaca agus nach trom!

21. Rachaidh mé síos féachaint an ndearnadar de réir an liú a tháinig chugam ina n‑aghaidh; agus mura ndearnadar, beidh a fhios agam.”

22. D'imigh na fir leo i dtreo Shodom, ach d'fhan Abrahám ina sheasamh i láthair an Tiarna.

23. Dhruid sé níos giorra dó agus dúirt: “An scriosfaidh tú dáiríre an fíréan mar aon leis an gciontach?

24. Abair go bhfuil leathchéad fíréan sa chathair, an scriosfaidh tú í mar sin agus gan í a chaomhnú ar son an leathchéad fíréan atá inti?

25. Go mba fhada uait a leithéid a dhéanamh, an fíréan a chur chun báis mar aon leis an gciontach; d'fhágfadh sin an íde chéanna á tabhairt ar an bhfíréan agus ar an gciontach! I bhfad uait a leithéid! An amhlaidh nach ndéanfaidh breitheamh an domhain uile an ceart?”

26. D'fhreagair an Tiarna: “Má fhaighim leathchéad fíréan i Sodom; sa chathair, ansin déanfaidh mé an áit go léir a chaomhnú ar a son.”

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 18