13. Ach d'fhiafraigh an Tiarna d'Abrahám: “Cén fáth ar gháir Sárá á rá: ‘An amhlaidh dáiríre a bheidh leanbh agam anois i mo sheanaois?’
14. An bhfuil aon ní ró-aisteach don Tiarna? Fillfidh mé, oraibh, sea, fillfidh mé um an dtaca seo an bhliain seo chugainn agus beidh mac ag Sárá.”
15. “Níor gháir mé,” arsa Sárá ag séanadh a birt mar go raibh eagla uirthi. “Ní fíor duit,” ar sé, “mar gháir tú.”
16. Chuir na fir chun bóthair agus tháinig i radharc Shodom agus Abrahám in éineacht leo ag taispeáint na slí dóibh.
17. Dúirt an Tiarna leis féin: “An gceilfidh mé ar Abrahám an ní atáim ar tí a dhéanamh,
18. ós rud é go mbeidh Abrahám ina chine mór cumasach agus ciníocha an domhain á mbeannú féin tríd?
19. [Ní dhéanfaidh mé] óir thogh mé é d'fhonn go dtabharfadh sé aithne dá chlann agus dá theaghlach ina dhiaidh slí an Tiarna a choimeád ag déanamh an chirt agus na córa, i dtreo go dtabharfadh an Tiarna d'Abrahám a bhfuil geallta aige dó.”
20. Ansin dúirt an Tiarna: “Nach ard é an liú atá in aghaidh Shodom agus Ghomorá agus nach mór é a bpeaca agus nach trom!
21. Rachaidh mé síos féachaint an ndearnadar de réir an liú a tháinig chugam ina n‑aghaidh; agus mura ndearnadar, beidh a fhios agam.”
22. D'imigh na fir leo i dtreo Shodom, ach d'fhan Abrahám ina sheasamh i láthair an Tiarna.
23. Dhruid sé níos giorra dó agus dúirt: “An scriosfaidh tú dáiríre an fíréan mar aon leis an gciontach?
24. Abair go bhfuil leathchéad fíréan sa chathair, an scriosfaidh tú í mar sin agus gan í a chaomhnú ar son an leathchéad fíréan atá inti?