Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 18:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Thaispeáin an Tiarna é féin dó ag Dair Mhamrae agus é ina shuí i mbéal a bhotha i mbrothall an lae.

2. D'fhéach sé suas agus b'shiúd triúr fear ina seasamh ina chóngar. Chomh luath agus a chonaic sé iad, rith sé ó bhéal na botha ina gcoinne agus shléacht go talamh rompu.

3. “A thiarna,” ar sé, “más áil leat mé, ná gabh thar do shearbhónta, le do thoil.

4. Tugtar braon uisce chugaibh agus ionlaigí bhur gcosa agus ligigí bhur scíth faoin gcrann.

5. Tabharfaidh mé greim aráin chugaibh agus bíodh lón agaibh don bhóthar ar aghaidh. Chuige sin a casadh i dtreo bhur searbhónta sibh.” “Déan mar a deir tú,” ar siad.

6. Bhrostaigh Abrahám don bhoth go Sárá. “Faigh,” ar sé, “agus fuin trí mhiosúr de phlúr agus déan builíní.”

7. Agus rith Abrahám chun an tréada agus rug sé leis lao breá méith agus thug don searbhónta é agus d'ullmhaigh seisean é faoi dheifir.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 18