6. Cuirfidh mé rath thar cuimse ort, agus déanfaidh mé ciníocha díot agus tiocfaidh ríthe ar do shíol.
7. Daingneoidh mé mo Chonradh idir mé agus tú, agus do shliocht i do dhiaidh, glúin ar ghlúin; beidh sé mar Chonradh síoraí mise a bheith i mo Dhia agatsa agus ag do shliocht i do dhiaidh.
8. Agus tabharfaidh mé duitse agus do do shliocht i do dhiaidh tír do dheoraíochta, tír Chanán go léir, i do sheilbh go brách agus beidh mé féin i mo Dhia acu.”
9. Agus dúirt Dia le hAbrahám: “Ó do thaobhsa de, coimeádfaidh tú mo Chonradh, tú féin agus do shliocht i do dhiaidh ó ghlúin go glúin.
10. Is é seo an Conradh liomsa a choimeádfaidh tú idir mise agus tusa agus do shliocht i do dhiaidh: Déantar timpeallghearradh ar gach uile leanbh mic de bhur gcuid;
11. déanaigí feoil bhur bhforchraicinn a thimpeallghearradh agus is é sin a bheidh ina chomhartha don Chonradh atá eadrainn.
12. Nuair a bheidh siad ocht lá d'aois caithfear timpeallghearradh a dhéanamh ar gach gin mhic ó ghlúin go glúin, cibé acu a bhéarfar i do theach iad nó a cheannófar iad ó choigríoch nach de do shíolsa.
13. Ní foláir iad a thimpeallghearradh, iad siúd a bhéarfar i do theach, agus iad siúd a cheannófar le d'airgead. Beidh mo Chonradh in bhur bhfeoil mar chonradh síoraí.
14. An fireannach gan timpeallghearradh, nár gearradh a fhorchraiceann timpeall, gearrfar amach óna phobal é; bhris sé mo Chonradh.”
15. “Maidir le Sáraí do bhean,” arsa Dia le hAbrahám, “ní thabharfaidh tú Sáraí uirthi, ach Sárá a bheidh mar ainm uirthi.
16. Cuirfidh mé mo bheannacht uirthi agus bronnfaidh mé mac ort uaithi; cuirfidh mé mo bheannacht uirthi agus beidh sí ina máthair ar chiníocha; beidh ríthe ciníocha ag cineadh uaithi.”