Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 16:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Níor rug Sáraí bean Abrám aon chlann, más ea, do Abrám, ach bhí ionailt Éigipteach aici darbh ainm Hágár.

2. Dúirt Sáraí le hAbrám: “Féach, níor lig Dia dom clann a iompar. Gabh isteach dá bhrí sin chun m'ionailte; b'fhéidir go bhfaighinn clann tríthi.” Thug Abrám cluas do ghlór Sháraí.

3. Tar éis cónaí a bheith ar Abrám deich mbliana i dtír Chanán, rug Sáraí léi Hágár a hionailt Éigipteach agus thug d'Abrám í mar bhean.

4. Luigh sé le Hágár agus ghabh sí gin, agus a luaithe a bhí a fhios aici go raibh gin á hiompar aici, níor fhan aon mheas aici ar a máistreás.

5. Ansin dúirt Sáraí le hAbrám: “An éagóir atá á déanamh orm go bhfille sí ort féin! Thugas m'ionailt duit i d'ucht, ach anois ó tá a fhios aici go bhfuil sí ag iompar níl meas dá laghad aici orm. Go raibh an Tiarna ina bhreitheamh idir mé agus tú.”

6. Ach dúirt Abrám le Sáraí: “Féach, tá d'ionailt faoi do smacht féin. Déan do rogha rud léi!” Chrom Sáraí ar í a chiapadh dá bhrí sin agus theith sí uaithi.

7. Fuair aingeal an Tiarna í cois tobar uisce san fhásach, an tobar ar an mbealach go Siúr.

8. “A Hágár, a ionailt Sháraí,” ar sé, “cá has ar tháinig tú agus cá bhfuil do thriall?” “Táim ag teitheadh ó mo mháistreás Sáraí,” ar sí.

9. Dúirt aingeal an Tiarna léi: “Fill ar do mháistreás agus géill di.”

10. Agus dúirt aingeal an Tiarna léi chomh maith: “Cuirfidh mé an rath ar do shíol i dtreo nach bhféadfar iad a áireamh le barr líonmhaire.”

11. Agus dúirt aingeal an Tiarna léi:“Féach, tá leanbh ar iompar agat, agus béarfaidh tú mac,agus tabharfaidh tú Ísmeáél mar ainm air,mar gur éist an Tiarna le do ghlór buartha.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 16