Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 15:17-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Tar éis don ghrian dul faoi dá bhrí sin agus gur thit an dorchadas, chonacthas foirnéis dheataigh tine agus lóchrann ar lasadh ag gabháil idir na codanna roinnte úd.

18. Rinne an Tiarna Conradh le hAbrám an lá sin á rá:“Tabharfaidh mé do do shliocht an dúiche seo óAbhainn na hÉigipte go dtí an Abhainn Mhór, an Eofrataes,

19. mar a gcónaíonn na Céinigh agus na Cinizigh agus na Cadmónaigh agus na

20. Hitigh, agus na Pirizigh, agus na Rafáím,

21. na hAmóraigh agus na Canánaigh, agus na Giorgáisigh agus na Iabúsaigh.”

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 15