Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 15:11-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Nuair a bhíodh éanlaith chreiche ag teacht anuas ar na conablaigh, chuireadh Abrám an ruaig orthu.

12. Le luí na gréine thit tromchodladh ar Abrám agus bhuail scéin é.

13. Ansin dúirt an Tiarna le hAbrám: “Bíodh a fhios seo agat go dearfa: beidh do shíol ina ndeoraithe i dtír nach leo, mar a mbeidh siad ina ndaoir agus mar a mbeidh siad faoi leatrom ar feadh ceithre chéad bliain.

14. Ach déanfaidh mise breithiúnas chomh maith ar an gcine faoina mbeidh siad i ndaoirse, agus tiocfaidh siad amach ina dhiaidh sin le mórán maoine.

15. Maidir leat féin, imeoidh tú chun d'aithreacha i síocháin; beidh aois mhór agat ag dul faoin gcré duit.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 15